Dúcheisteanna: Leabhar A: (Tomhas & Céimseata) & Leabhar B (Uimhreas, Ailgéabar & Staitistic)

40.00

Buy More = Save More
Qty Discount Price
6 - 11 5% 38.00
12 + 10% 36.00
Summary
1x40.00
Dúcheisteanna: Leabhar A: (Tomhas & Céimseata) & Leabhar B (Uimhreas, Ailgéabar & Staitistic)40.00

Available on backorder

SKU: UF532I Category:
Description

Cur síos

Dúcheisteanna: Leabhar A: (Tomhas & Céimseata) & Leabhar B (Uimhreas, Ailgéabar & Staitistic) le Gabrielle O’Rourke

Is féidir fótachóipeanna a dhéanamh den dá leabhar iontacha seo a fhorbróidh scileanna réitigh fadhbanna agus foghlaim chomhoibríoch daltaí sa tomhas, san uimhreas, sa chéimseata, san ailgéabar agus sa staitistic.

  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR A, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna sa Tomhas agus sa Chéimseata
  • DÚCHEISTEANNA: LEABHAR B, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna san Uimhreas, san Ailgéabar agus sa Staitistic

Tá réimse straitéisí in Dúcheisteanna a chabhróidh le daltaí bheith níos éifeachtaí i ngrúpaí mar réiteoirí fadhbanna. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí ceathrair le bheith in ann plé agus réiteach a dhéanamh ar a lán de na fadhbanna atá san áis. Chun na ceisteanna a fhreagairt is gá do dhaltaí tuiscint a bheith acu ar choincheapa matamaiticiúla agus teanga mhatamaiticiúil agus cabhraíonn na ceisteanna leo cur chuige cruthaitheach a fhorbairt agus a dtuiscintí á gcur i bhfeidhm acu ar ghnáthimeachtaí lae ina bhfuil an mhatamaitic in úsáid.

Tá baint ag na gníomhaíochtaí leis na snáitheanna:

  • Uimhreas
  • Ailgéabar
  • Tomhas
  • Céimseata
  • Staitistic

Forbraíonn na gníomhaíochtaí seo na próisis mhatamaiticiúla atá fite fuaite sna snáitheanna seo.

Ar fáil sa tsraith seo freisin:

DÚCHEISTEANNA: LEABHAR A, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna sa Tomhas agus sa Chéimseata

DÚCHEISTEANNA: LEABHAR B, díríonn an leabhar seo ar réiteach comhoibríoch fadhbanna san Uimhreas, san Ailgéabar agus sa Staitistic

Faoin údar:

Tá Gabrielle O’Rourke ina múinteoir le naoi mbliana agus mhúin sí an mhatamaitic. Tá B.E. aici sa mhatamaitic.

Údar: Gabrielle O’Rourke

Aois: 9 – 11+

Dáta Foilseacháin: 2016

Líon na leabhar: Dhá Leabhar A4 is féidir a fhótachóipeáil – thart ar 44 leathanach in aghaidh an leabhair

Cód: UF532I